Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 10:20

An Bíobla Naofa 1981

Sa lá sin, fuílleach Iosrael agus ar tháinig slán de theaghlach Iacóib, ní bheidh siad ag brath níos mó ar an té a bhuaileann iad, ach beidh siad ag brath go fírinneach ar an Tiarna, Neach Naofa Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: “Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.”

Óir rachaidh iarmhar amach as Iarúsailéim agus fuíoll áir ó Chnoc Shíón. Dúthracht an Tiarna a chuirfidh é sin i gcrích.’

Bhris an Tiarna ar na Cúisigh roimh Ásá agus Iúdá, agus theith na Cúisigh.

Chuir Áchaz rí fios ar ríthe na hAsaíre le teacht i gcabhair air.

Tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre ina choinne, chuir léigear air ach theip air é a chloí.

an mbrisfimidne d'aitheanta arís agus cleamhnais a dhéanamh arís leis na ciníocha a chleachtann a leithéid de ghráiniúlacht? Nach gcuirfeadh sin an oiread sin feirge ort go ndéanfá sinn a scriosadh i slí nach bhfágfaí fuíoll áir ná fear inste scéil?

Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir, ba chuma sinn nó Sodom, ba le Gomorá ár samhail.

Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nua chun fuílleach a phobail a athghabháil, a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte, ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám, ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.

sa dóigh go mbeidh clochán ann faoi choinne fuílleach a phobail, ar mhair beo i ndiaidh deoraíocht na hAsaíre, díreach mar bhí faoi choinne Iosrael nuair a tháinig siad aníos as an Éigipt.

Éisteadh an Tiarna do Dhia le focail an Ardoifigigh a chuir rí na hAsaíre uaidh chun an Dia beo a mhaslú, agus baineadh sé éiric amach sna focail a chuala sé! Cuir suas paidir ar son an fhuíll atá fágtha.”

“Éistigí liom, a theaghlach Iacóib, a iarmhair uile de theaghlach Iosrael! sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh, a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.

Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.

agus má thagann an deichiú cuid de na daoine slán, is é an scrios atá i ndán dóibh freisin, ar nós na teiribinte, nach bhfuil fágtha di ar a leagan ach grágán. Síol naofa is ea an grágán sin.”

Is díomhaoin ina dhiaidh sin súil a bheith leis na harda, mar an gcéanna le scléip na sléibhte. Go deimhin is é an Tiarna ár nDia slánú Iosrael.

De fhuíoll Iúdá a chuaigh go dtí an Éigipt chun cónaí ann, ní rachaidh as agus ní mhairfidh beo aon duine chun filleadh go tír Iúdá mar a bhfuil fonn orthu cónaí aris. Ní fhillfidh aon duine díobh, ach dornán beag dídeanach.’ ”

Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.

Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d'imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú.

Seasfaidh sé go daingean agus beathóidh sé a thréad trí chumhacht an Tiarna agus le mórgacht ainm an Tiarna, a Dhia. Mairfidh siad go slán sábháilte mar leathnóidh a chumhacht amach ansin go críocha na cruinne.

Ní dhéanfaidh siad aon éigeart, ní mó ná a inseoidh siad bréaga, agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal. Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth, agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí