Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 10:14

An Bíobla Naofa 1981

D'aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé, saibhreas na gciníocha. Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh, bhailigh mé chugam an talamh ar fad, agus níor greadadh sciathán, níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.”

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Nach bhfuil a fhios agaibh cad tá déanta agamsa agus ag mo shinsir le muintir na dtíortha eile go léir? An raibh sé ar chumas déithe aon chine sna tíortha sin a gcríocha a shaoradh uaimse?

Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine? Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac?

Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios, ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.

an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmhar le buillí agus le béimeanna, a smachtaíodh na náisiúin le fraoch, á gciapadh gan sos.

Thochail mé toibreacha agus d'ól mé uiscí na coigríche; thriomaigh mé le bonn mo choise srutháin na hÉigipte go léir.

Drochrath orthu siúd a cheanglaíonn teach le teach, agus a chuireann páirc i gcionn páirce, go dtí go dtógann suas an láthair ar fad agus gurb iad amháin atá lonnaithe sa tír.

Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.

Labhair tú go mórchúiseach fúmsa, do mo mhaslú arís agus arís eile; bhí cluas orm!

Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.

Is cuma Nínivé nó taiscumar a bhfuil an t‑uisce ag rith as. “Stadaigí, stadaigí!” Ach ní chasann duine ná deoraí ar ais.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí