Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.
Níl ar a n‑aire ach cláirseacha agus cruitcheol, bodhráin agus feadóga, agus fíon a gcuid meisceoireachta. Ach obair an Tiarna, is beag a n‑aird uirthi, agus a bhfuil á dhéanamh aige, imíonn sé gan fhios dóibh.
Madaí craosacha iad nach féidir a shásamh, tréadaithe nach dtuigeann dada. Téann siad go léir a mbealach féin, gach aon riamh acu ar lorg a leasa féin.
Ar an uair sin tagann ionadh agus alltacht ar gach aon duine, deargann gach órcheard mar gheall ar íol a lámh, óir is bréaga a chuid íol gan puth anála iontu.
“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
Ba chaoirigh ag fánaíocht mo phobalsa; chuir a dtréadaithe ar seachrán iad, d'fhág ar fán iad ar na sléibhte; d'imigh siad ó shliabh go cnoc ag ligean a mbáinseach féin i ndearmad.
Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.
Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.