Sea, beidh náire oraibh de bharr na gcrann teiribinte a bhfuil bhur sólás iontu, agus beidh ceann faoi oraibh de bharr na ngairdíní a chuireann cluain oraibh.
Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; “Gread leat!” a déarfaidh tú leo.
An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní, duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta, a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna, béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu, briathar an Tiarna.
Is fada ó shin anois ó bhris tú do chuing, ó réab tú do chuibhreacha, á rá: ‘Ní bheidh mise i mo shearbhónta.’ Ina dhiaidh sin, áfach, ar an uile chnoc ard agus faoi gach crann craobhach luigh tú siar mar a dhéanfadh meirdreach.
Dúirt an Tiarna liomsa i laethanta Ióisíá an rí: “An bhfaca tú céard a rinne Iosrael mhídhílis, cé mar chuaigh sí suas ar gach aon sliabh ard agus faoi gach aon chrann glas, agus d'imir ansin an striapach?
ionas go mba chuimhin leat agus go gcuirfí cotadh ort agus go gcuirfí i do thost go deo thú de bharr do náire, nuair a mhaithfidh mise duit a bhfuil déanta agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
Ansin cuimhneoidh sibh ar bhur ndrochiompar agus ar bhur ndrochimeachtaí. Beidh gráin agaibh oraibh féin as bhur bpeacaí agus bhur ngníomhartha gránna.
Agus tuigfidh sibh gur mise an Tiarna nuair a luífidh a gcorpáin ansin i measc a n‑íol timpeall a n‑altóirí máguaird, ar gach cnoc ard, ar mhullach gach sléibhe, faoi gach crann glas, faoi gach dair dhuilleach, cibé áit ar íobair siad boladh cumhra dá n‑íola uile.
Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.
Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí, agus dónn siad túis ar na beanna faoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint, mar gur taitneamhach a scáth. Is dá dheasca sin a théann bhur n‑iníonacha le striapachas, agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.