Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Íseáia 1:22

An Bíobla Naofa 1981

Tá d'airgead i ndiaidh athrú ina shal, tá uisce trí do chuid fíona.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Is salachar leat peacaigh uile na cruinne; is uime a charaim d'fhorálacha.

Conas a rinne striapach di, an chathair dhílis? Síón, a bhí lán de dhílseacht, mar a raibh an ceart ina chónaí, níl intí anois ach lucht dúnmharfa.

Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.

Síneann siad fúthu le hais pótairí. Níl teorainn lena gcuid striapachais, ach andúil dhoshásaithe acu sa drabhlás dínáireach.

Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.

Táimidne, mar ní ag mangaireacht bhriathar Dé a bhímidne dála a lán eile ach á fhógairt go dílis i gCríost i bhfianaise Dé, mar theachtaireacht ó Dhia.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí