agus nuair a bhíonn ofrálacha loiscthe á n‑ofráil don Tiarna ar an tsabóid, ar an ré nua, nó ar shollúntas - líon áirithe díobh is é sin de réir mar a shocródh an riail. Dualgas seasmhach orthu é sin i láthair an Tiarna.
Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid, níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí. Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm, thuirsigh tú mé le do choireanna.
Óir mise, an Tiarna, is ionúin liom an ceart agus is gráin liom slad agus éagóir. Tabharfaidh mé a luach saothair dóibh go dílis, agus déanfaidh mé conradh síoraí leo.
Mí in aghaidh na míosa le teacht na ré nua, agus seachtain in aghaidh na seachtaine lá na sabóide, tiocfaidh an cine daonna go léir ag sléachtadh i mo láthair, a deir an Tiarna.
Ar an ábhar sin, tógfaidh mé ar ais arís m'arbhar ina ionú agus m'úrfhíon ina thráth; bainfidh mé di m'olann agus mo líon, a gclúdaíodh sí a nochtacht leo.
Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarna agus clann bhastard a bhreith. Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh.
Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”