Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua, Neach Láidir Iosrael: “Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic, bainfidh mé sásamh as mo naimhde.
Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?
Clocha snoite na n‑altán, sin iad do chuibhreann, is iad, is iad do chuid. Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála, chucusan a thugann tú ofrálacha bia. An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?
(Cá fada a bheidh an tír ag caoineadh, agus féar na tuaithe ag seargadh? Tá eallach agus éanlaith ag fáil bháis mar gheall ar mhailís na n‑áitritheoirí.) De bhrí go n‑abrann siad: “Ní fheiceann Dia ár n‑iompar.”
Dá dheasca sin triomóidh an tír agus meathlóidh a gcónaíonn inti, mar aon le beithígh an mhachaire agus éanlaith an aeir; agus fiú amháin éisc na farraige féin, rachaidh siad i léig.