Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 9:6

An Bíobla Naofa 1981

Leatrom ar muin leatroma! cealg ar muin ceilge! Diúltaíonn siad aithne a thabhairt don Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

De bhrí gur ghlaoigh mé oraibh agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht, gur shín mé mo lámh agus nár thug aon duine aird orm;

Óir bhí fuath acu don eolas, agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo.

Iompóidh mé mo lámh i do choinne, glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis, agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad.

Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.”

Truailliú iníon Shíón, nuair a bheidh sí nite ag an Tiarna, agus Iarúsailéim glanta aige den fhuil a doirteadh le siorradh an bhreithiúnais agus siorradh an loiscthe,

Tá siad iompaithe ar ais ar chionta a n‑aithreacha rompu, a dhiúltaigh mo bhriathra a éisteacht; tá siad seo freisin ag dul i ndiaidh déithe eile agus ag fónamh dóibh. Tá an conradh a rinne mé lena n‑aithreacha briste ag teach Iosrael agus ag teach Iúdá.

11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”

An pobal dona seo a dhiúltaíonn mo bhriathar a éisteacht, a imíonn de réir comhairle a gcruachroí féin, a chuaigh i ndiaidh déithe eile, a dhéanamh freastail orthu agus á n‑adhradh, bídís ar nós an chreasa seo, gan mhaith.

“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”

Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”

Mar a bheadh cliabhán ann lán d'éanlaith amhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach; d'éirigh siad mór agus saibhir dá bharr,

Cad chuige go leanann an pobal seo de bheith ag séanadh, i gcónaí ag séanadh? Leanann siad den seachrán agus diúltaíonn siad filleadh.

Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.

Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t‑eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.

Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”

Toisc nárbh fhiú leo Dia a choinneáil ar a n‑aithne, d'fhág Dia iad gan stuaim, sa tslí go ndéanfaidís nithe nach cuí;

Craithigí suas i gceart anois sibh féin agus éirígí as an bpeaca, mar tá cuid agaibh gan aithne ar Dhia. Is chun náire a chur oraibh atáim á rá.

Scraistí a ba ea clann mhac Éilí, gan aon aird acu ar an Tiarna




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí