Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 9:26

An Bíobla Naofa 1981

An Éigipt, Iúdá, Clann Amón, Móáb agus na Bearracháin uile a chónaíonn san fhásach. Óir tá na ciníocha seo uile, agus fós teach Iosrael go hiomlán, gan timpeallghearradh sa chroí.”

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Éistigí a theach Iosrael, leis an mbriathar a deir an Tiarna libh.

Timpeallghearraigí sibh féin don Tiarna, bainigí díbh forchraiceann bhur gcroí, (a fheara Iúdá, agus a áitritheoirí Iarúsailéim), ar fhaitíos go léimfeadh m'fhearg amach ar nós tine, agus go loscfadh agus nach bhféadfadh aon duine í a mhúchadh, mar gheall ar olc bhur ngníomhartha.

Mar an gcéanna, nuair a chuala na Giúdaigh uile a bhí i Móáb agus i measc na nAmónach, agus in Eadóm, gur fhág rí na Bablóine fuíoll in Iúdá, agus gur chuir sé Gadailiá mac Aichíceám, mac Sheáfán, os a gcionn,

Beidh a gcamaill ina n‑éadáil, agus iomadúlacht a gcaorach ina gcreach.’ Scaoilfidh mé leis na gaotha uile iad, na bearracháin sin, agus tabharfaidh mise anachain orthu ó gach taobh - an Tiama a labhraíonn.

Cé leis a labhróidh mise, cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad? Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta, ní fhéadann siad éisteacht. Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna, níl dúil acu ann.

“An raibh aon cheann de chrainn Éidin inchurtha leat i mórgacht agus i méid? Ina dhiaidh sin agus uile teilgeadh síos thú le crainn Éidin in íochtar an domhain. Luífidh tú ansin i measc an dream gan timpeallghearradh, ina measc siúd a bascadh leis an gclaíomh. “Is é seo Forann agus a ghéillsinigh - an Tiarna Dia a labhraíonn.”

An áille tusa ná aon duine? Gabh síos, agus luigh leis an dream gan timpeallghearradh.’

ag ligean isteach i mo shanctóir coimhthígh gan timpeallghearradh ina gcroí ná ina gcorp, á thruailliú nuair a ofrálann sibh mo bhia idir shaill agus fhuil. Mar bharr ar bhur n‑uile imeachtaí gránna bhris [sibh] mo chonradh.

Seo mar a deir an Tiarna Dia: Aon choimhthíoch gan timpeallghearradh ina chroí agus ina chorp, de na coimhthígh uile a chónaíonn i measc mhuintir Iosrael, ná téadh sé isteach i mo shanctóir.

i dtreo gur chuir mise ina gcoinnesean agus gur sheol mé iad i dtír a naimhde, agus má umhlaítear a gcroí gan timpeallghearradh, agus go ndéanann siad leorghníomh ar son a bpeacaí,

“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.

Déanfaidh an Tiarna do Dhia timpeallghearradh ar do chroí agus ar chroí do shleachta i dtreo go dtabharfaidh tú grá don Tiarna do Dhia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus go mbeadh an bheatha agat.

Dúirt Iónátán le fear iompair a airm: “Téanam anonn go dtí garastún na droinge sin gan timpeallghearradh; b'fhéidir go ndéanfadh an Tiarna rud éigin dúinn, óir ní féidir d'aon ní cosc a chur ar an Tiarna an bua a thabhairt dúinn dá líonmhaire nó dá laghad slua iadsan.”

Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: “Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d'Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí