Irimia 9:23An Bíobla Naofa 1981Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas! Féach an chaibidil |
Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.
Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó - an Tiarna a labhraíonn - óir maithfidh mé a n‑éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos mó.”