Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?
“Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”
Má deir tú leat féin i do chroí: ‘Cad chuige ar éirigh na nithe seo domsa?’ Is mar gheall ar mhéid d'oilc a ardaíodh do chótaí agus a tugadh ainíde duit.
(Is mar gheall ar na fir seo tá an tír ag mairgneach agus a triomaíodh féaraigh an fhásaigh.) “Chun olc a dhéanamh tá siad mear agus is é an mícheart a neart.
“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”
Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna].
Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarna agus clann bhastard a bhreith. Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh.
Rinne Iúdá feall ar iontaoibh; rinneadh gníomh gráiniúil in Iosrael agus in Iarúsailéim; óir, tá Iúdá tar éis an Teampall is ionúin leis an Tiarna a thruailliú trí bhean, a adhrann dia deoranta, a phósadh.
Fiafraíonn sibhse, áfach: “Cad chuige sin?” De bhrí go raibh an Tiarna ina fhinné idir tusa agus an bhean a bhí mar chéile agat ó d'óige, an bhean a bhfuil tú tar éis feall a dhéanamh uirthi ainneoin gurbh í do chara cléibh agus do chéile conartha í.
A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin.
Nuair a bailíodh an ghlúin sin go léir chun a n‑aithreacha, tháinig glúin eile ina ndiaidh nárbh aithnid dóibh an Tiarna ná na héachtaí a rinne sé d'Iosrael.