Sea, tá an caoineadh le clos as Síón, ‘Cé mar atáimid sladta! Cé mar atáimid náirithe go deo! Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáil ag teach agus treabh!’ ”
Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!
“Greadaigí libh, a neamhghlana!” a scairteadh leo, “Greadaigí libh, greadaigí libh, ná bainigí linn!” Theith siad leo chun fáin agus dúradh i measc na náisiún: “Ní féidir leo cónaí anseo níos mó.”
Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann.
An lá sin cumfar aoir agus canfar caoineadh fúibh mar seo: “Táimid scriosta go hiomlán; tá fearann mo phobail á thomhas le dorú agus ní thabharfar ar ais dóibh é go deo; tá ár gcuid talún á roinnt amach.”
agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.