“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.
Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’ Lucht riartha an dlí ní eol dóibh mé. D'éirigh na tréadaithe amach i m'aghaidh; rinne na fáithe tairngreacht trí Bhál, ag leanúint nithe nach dtairbhíonn.
“Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta; níl aithne acu orm. Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu. Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh, ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”