An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: “Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.”
Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
D'fhreagair mise: “Ó, a Thiarna Dia, ag seo na fáithe á rá leo: ‘Ní fheicfidh sibh an claíomh, ní bheidh gorta agaibh; geallaimse daoibh síocháin daingean san áit seo.’ ”
leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad, ‘Gheobhaidh sibh síocháin’, agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí a gcruachroí féin: ‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’ ”
Chonaic do chuid fáithe thar do cheann físeanna folmha fealltacha; níor nocht siad duit d'urchóid, rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint; ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna ach oracail bhréagacha mhealltacha.
De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;
Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.