Irimia 7:9An Bíobla Naofa 1981An ndéanfaidh sibh goid, an ea, agus marú, adhaltranas, agus mionna bréige a thabhairt, agus túis a loscadh do Bhál, agus imeacht i ndiaidh déithe eile nach fios daoibh? Féach an chaibidil |
Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.