Fágfar ansin iad go léir le haghaidh éin chreiche na sléibhte agus ainmhithe allta na talún. Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh, agus na hainmhithe allta an geimhreadh.
Nó an cosúil m'oidhreacht le héan breac a mbeadh an éanlaith ag bailiú anuas uirthi ó gach taobh? Tagaigí, a bheithíocha allta, cruinnígí chun slogtha.
“Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.
Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.
Mar gheall ar an áit seo, taoscfaidh mé dea-chomhairle as Iúdá agus Iarúsailéim; tabharfaidh mé orthu titim le claíomh a naimhde, le láimh na droinge a iarrann a mbás; tabharfaidh mé a gcoirp mar bhia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.
“Beidh mairbh an Tiarna sa lá sin scaipthe ó cheann ceann na cruinne. Ní chaoinfear iad; ní chruinneofar iad ná ní mó a adhlacfar iad; fanfaidh siad ar éadan na talún mar aoileach.
tabharfaidh mise iadsan i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás; beidh a gcorpáin mar bhia ag éanlaith an aeir agus ag ainmhithe na talún.
Caithfidh mé amach san fhásach thú, tú féin agus éisc uile do shruthán; titfidh tú ar mhachaire lom, gan do chruinniú le chéile ná do chur sa talamh. Tabharfaidh mé mar bhia thú do bheithígh an mhachaire agus d'éanlaith an aeir,
Marófar thú ar shléibhte Iosrael, tú féin, do shlua uile agus na ciníocha leat. Tabharfaidh mé suas mar bhia thú d'éin chreiche de gach sórt agus d'ainmhithe allta.