Chaith an Tiarna sliocht Iosrael go léir i leataobh; leag ar lár iad, agus thug i lámha lucht a gcreachta iad go dtí ar deireadh gur thiomáin sé uaidh iad.
Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
Ar thréig tú Iúdá amach agus amach? An fuath le d'anam Síón? Cad chuige ar bhuail tú síos sinn agus gan súil le leigheas againn? Bhí súil againn le síocháin - ach níl maith ar bith ansin! Le ham tarrthála - ach féach scanradh!
Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.
Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha, agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh; óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann, ní chluintear níos mó géimneach na dtréad. Éanlaith an aeir agus na beithígh, theith siad araon, níl siad ann.
“A mhic an duine, caoin rí na Tuíre agus abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Rug tú craobh na foirfeachta leat le feabhas do ghaoise, agus le maise do scéimhe;
Bearr thú féin agus lom do chuid gruaige mar gheall ar do chlann mhac ionúin. Déanaigí sibh féin chomh maol le badhbh; óir imeoidh siad uait ar deoraíocht.
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?