Irimia 7:26An Bíobla Naofa 1981Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n‑aithreacha. Féach an chaibidil |
Ní raibh ach dímheas acu ar a dhlíthe agus ar an gconradh a rinne sé lena sinsir, agus ar gach rabhadh a bhí tugtha aige dóibh. Lean siad déithe bréige agus d'éirigh siad féin bréagach; rinne siad aithris ar na ciníocha ina dtimpeall, cé gur ordaigh an Tiarna dóibh gan déanamh mar a dhéanaidís siúd.
Thug tú rabhadh dóibh lena dtabhairt ar ais chun do dhlí; Ach bhorr an t‑uabhar iontu, agus níor chomhlíon siad d'aitheanta; Pheacaigh siad in aghaidh d'orduithe, Na horduithe a bhronnann an bheatha ar fhear a gcomhlíonta; Chroith siad a nguaillí go stuacach, Agus chruaigh a muineál le stailc, agus níor ghéill siad.
Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.