Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom.
Óir is olc amháin a rinne clann Iosrael agus clann Iúdá i m'fhianaise óna n‑óige (óir bhrostaigh clann Iosrael go deimhin mé chun feirge lena ngníomhartha - is é an Tiarna a labhraíonn).
É a ghráú ón gcroí go hiomlán, ón tuiscint go hiomlán, agus ón neart go hiomlán, agus an chomharsa a ghráú mar an duine féin, is mó sin go mór ná na híobairtí dóite agus na hofrálacha go léir.”
Ach d'fhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.