nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu.
Tharla sin in Iarúsailéim agus in Iúdá de bharr fhearg an Tiarna i dtreo gur chaith sé i leataobh óna láthair iad ar deireadh. Rinne Zidicíá ceannairc in aghaidh rí na Bablóine.
Thionóil sé Iúdá agus Biniáimin go léir, agus muintir Eafráim, Mhanaise agus Shimeon a bhí ag cur fúthu ina dteannta, mar ghabh líon mór daoine anonn chuige ó Iosrael nuair a chonaic siad go raibh an Tiarna, a Dhia, ina theannta.
Óir sula mbeidh fhios ag an bpáiste seo diúltú don olc agus an mhaith a roghnú, beidh an tír úd ina díthreabh, agus eagla ortsa anois roimh a beirt rí.
Dúirt an Tiarna liom: “Dá seasfadh Maois agus Samúéil i m'fhianaise ní fhéadfadh mo chroí téamh leis an bpobal seo! Díbir amach as mo radharc iad; imídís leo!
“Agus nuair a fhiafróidh na daoine seo, fáidh nó sagart, díotsa: ‘Céard é ualach an Tiarna?’ déarfaidh tú leis: ‘Tusa, is tusa ualach an Tiarna; is ea, tusa, agus cuirfidh mé díom thú! an Tiarna a labhraíonn.’
Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.
Is trí fhearg an Tiarna a tharla sé seo in Iarúsailéim agus in Iúdá, gur theilg sé uaidh iad faoi dheireadh. D'éirigh Zidicíá amach in aghaidh rí na Bablóine.
Sea, tá an caoineadh le clos as Síón, ‘Cé mar atáimid sladta! Cé mar atáimid náirithe go deo! Óir tá orainn imeacht as an tír, agus slán a fhágáil ag teach agus treabh!’ ”
“Tá go maith, abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Itheann sibh feoil a bhfuil fuil inti, tógann sibh bhur súile chun bhur n‑íol, agus doirteann sibh fuil; an síleann sibh mar sin fanacht i seilbh na talún?
“Tabhair Izréil mar ainm air,” arsa an Tiarna leis ansin, “mar i gceann tamaillín eile imreoidh mé díoltas ar theaghlach Iéahú in éiric fhuil Izréil agus cuirfidh mé deireadh le réimeas theaghlach Iosrael.
Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl, agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht. (Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fós agus fanann sí dílis don Té is Naofa.)
Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim! Léirscrios orthu, óir d'éirigh siad amach i m'aghaidh! - Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt, ach siúd ag bréagadóireacht iad i m'aghaidh!
Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.
Theilg tú mé síos san aibhéis, i ndoimhneacht na farraige, mar ar thimpeallaigh an díle mé, agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile ag madhmadh tharam.
Maidir le clann Iósaef: Nuair a bhí ginealach mhuintir Eafráim curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.