uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m'ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n‑aithreacha, mar do rinne mé le Sileo.
Agus maidir leis an Teampall seo atá chomh maorga sin anois, cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid agus déarfaidh siad: ‘Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo don tír agus don Teampall seo?’
Ár dTeampall a ba bheannaithe agus a b'álainn, mar a mbíodh ár n‑aithreacha do do mholadh, tá sé dóite go talamh le tine, agus gach a raibh ár ndúil ann, tá sé ina léirscrios.
“Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Déanfar fearann treafa de Shíón, agus carnán bruscair de Iarúsailéim, beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’
Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m'ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte - sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile!
Rinne an Tiarna a bheag dá altóir; ghlac sé fuath dá shanctóir; chuir sé ballaí a caisleán i seilbh a naimhde nimhneacha; tógadh gártha i dteach an Tiarna mar a thógfaí ar fhéile reachtúil.
‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.
ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.
Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.