Sea, d'iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’
D'iompaigh siad a gcúl liomsa agus ní hé a n‑aighthe; agus tar éis dom iad a theagasc go moch agus go déanach ní éistfidís ná ní raibh aird acu ar a gceacht.
Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”
Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n‑umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D'éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.
Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”
nó mura ndéanfaidh, bainfidh mé a cuid éadaigh go léir di agus fágfaidh mé í mar a bhí sí an lá a rugadh í, agus déanfaidh mé fásach di, agus beidh sí ina talamh tirim, agus maróidh mé í le tart.
Beidh a shabóidí ag bhur bhfearann ansin gan amhras agus é bánaithe agus sibhse i gcríocha bhur naimhde. Beidh suaimhneas agus sabóidí ansin gan amhras ag an bhfearann.
Deirinn liom féin: ‘Beidh eagla ortsa ar a laghad romham, agus foghlaimeoidh tú ceacht; agus ní scriosfar a háitreabh, ní bhainfear as a cuimhne go deo ná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.’ Ach ní mar sin a tharla. Is amhlaidh atá siad ag brostú chun a ngníomhartha uile a thruailliú.”