Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Gearraigí síos na crainn, tógaigí móta in aghaidh Iarúsailéim; is í Cathair na mBréag í, gan inti ina lár ach leatrom.
Mar sin, seo é briathar an Tiarna i dtaobh rí na hAsaíre: Ní thiocfaidh sé sa chathair seo isteach, saighead ní scaoilfidh sé inti, sciath ní ardóidh sé ina coinne, Ní thógfaidh sé múr léigir ina haghaidh.
Níl uair dá labhraim an briathar nach mbíonn orm a fhógairt in ard mo chinn: “Éigean agus díobháil!” Tá briathar an Tiarna tar éis éirí ina mhasla domsa agus ina ábhar magaidh ar feadh an lae.
Féach, na mótaí ag teacht i ngar don chathair le haghaidh a gabhála! Tabharfaidh an claíomh, an gorta agus an phlá an chathair i láimh na gCaildéach. An rud a dúirt tú tá sé tagtha i gcrích anois, feiceann tú é.
Óir is mar seo a deir an Tiarna Dia Iosrael, i dtaobh tithe na cathrach seo agus i dtaobh phálás rí Iúdá atá le scriosadh. In aghaidh mótaí agus pailís
Sa naoú bliain de réimeas Zidicíá rí Iúdá, sa deichiú mí tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine agus a shlua uile in aghaidh Iarúsailéim agus chuir í faoi léigear.
Cuir léigear uirthi ansin, tóg balla léigir ina coinne, ardaigh móta cré ina coinne, tóg campaí ina coinne, agus dírigh reithí cogaidh ina coinne mórthimpeall.