Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 6:3

An Bíobla Naofa 1981

Tagann aoirí lena dtréada ina coinne. Shuíodar a mbothanna timpeall uirthi. Tá gach fear acu ag iníor ina rogha ceapach.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d'Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d'Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.

Scrios iomad tréadaithe mo gharraí fíniúna, shatail siad faoi chois mo chomhroinn, rinne siad m'oidhreacht shólásach ina fásach aonraic.

Faraor! Cad é mar a chodlaíonn do chuid aoirí, (a rí na hAsaíre)! Cad é mar atá do laochra i dtoirchim suain! Tá do mhuintir scaipthe ar na sléibhte agus níl aon duine ann chun iad a chruinniú arís.

Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí