Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 6:25

An Bíobla Naofa 1981

Ná himígí amach faoin tuath, ná siúlaigí ar na bóithre, óir tá claíomh an namhad ann, agus scanradh ar gach aon taobh.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

San am sin, ní raibh síocháin ag aosánach ar bith, mar bhí trioblóidí ina mílte sa mhullach ar áitritheoirí na gcríoch.

Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.

Is cosúil mé le marbhán a ndearnadh dearmad de, nó le soitheach a briseadh.

ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc, is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.” Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.

Má théim amach faoin tuath, féach na mairbh sínte leis an gclaíomh! Má théim isteach sa chathair, feicim an dream atá tinn le hocras; fiú na fáithe agus na sagairt, treabhann siad talamh, tá siad i mbarr a gcéille.’ ”

Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”

“Is mar seo a deir an Tiarna: chuala [mé] guth criothnaithe, guth eagla, agus ní guth síochána é.

[Déarfaidh daoine] ansin, “Ó, a Thiarna Dia, nach mór a mheall tú sinn á rá: ‘Beidh síocháin agaibh’, ar an uair féin atá an claíomh ag ár scornach!”

Foilsígí é in Iúdá, fógraígí é in Iarúsailéim! Séidigí an stoc faoin tuaith, fógraígí os ard agus abraigí: ‘Cruinnígí! teannaigí leis na bailte daingne!’

Céard a fheicim? Tá siad scanraithe agus ag filleadh ar a gcúl! Na daoine is fearr orthu buailte siar, iad ag teitheadh i ndiaidh a gcinn, gan dearcadh siar, eagla ó gach taobh! - an Tiarna a labhraíonn.

Gabhtar a gcuid bothanna agus a dtréada; tógtar a mbratacha agus a soithí uile, agus freisin a gcuid camall. Déantar fógairt dóibh: ‘Eagla ar gach uile thaobh!’

Ach tabharfaidh mise anuas ort imeagla ó gach taobh; díbreofar chun siúil thú, gach aon fhear ina shlí féin, agus gan aon duine ann chun na teifigh a chruinniú.

Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.

Bhí súil againn le síocháin - ach níor tháinig maith ar bith, le haimsir shlánaithe, ach féach an scéin!

Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh, mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile; níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil ar lá dhíbheirge an Tiarna; an chlann a rug agus a thóg mé, dhíothaigh mo namhaid iad go léir.

Lig uaill agus olagón asat, a mhic an duine. Tá sé i ndán do mo phobal, do phrionsaí uile Iosrael mar aon le mo phobal, atá tugtha suas don chlaíomh. Buail do cheathrú dá bhrí sin,

Crioslaíonn siad iad féin le sacéadach, agus iad uile ar ballchrith le huafás. Tá náire ar an uile aghaidh agus maoile ar an uile cheann.

Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí