Ár lucht faire, tá siad ar fad dall, ní léir dóibh dada! Madaí balbha iad go léir, nach féidir leo tafann. Ag brionglóideach atá siad, ina luí fúthu, a ndúil sa chodladh.
Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.
Ach déarfaidh siadsan: ‘Cé an mhaith caint? Is fearr linn déanamh mar is toil linn féin; tá ar intinn ag gach fear againn déanamh de réir chomhairle a dhrochchroí féin.’ ”
Mar sin déarfaidh tú é seo leo: ‘Seo é an cine nach n‑umhlaíonn do ghuth an Tiarna, a nDia, agus nach ngabhann smacht. D'éag an fhírinne, gearradh amach í óna mbéal.
Séid an stoc! Tá léirscrios, amhail badhbh, ag bagairt ar theaghlach an Tiarna. Mar bhris siad an conradh a rinne mé leo, agus níor ghéill siad do mo dhlí.
Seasfaidh mé ar mo thúr faire; glacfaidh mé m'ionad ar mo rampar, agus beidh mé ar m'fhaichill ansin féachaint céard a déarfaidh sé liom, nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.
Ná bígí cosúil le bhur n‑aithreacha ar thug na fáithe tosaigh foláireamh dóibh, á rá: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Filligí ó bhur ndrochbhealaí agus ó bhur ndrochghníomhartha. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird ar bith orm, a deir an Tiarna.
Bígí umhal do bhur gceannairí agus tugaigí aird orthu. Tá togha an aireachais á thabhairt acu do bhur n‑anamacha mar beidh orthu cuntas a thabhairt ionaibh. Féachaigí chuige gurb ábhar áthais dóibh an cúram sin. Óir más ábhar osnaíola dóibh é ní rachaidh sé sin chun sochair daoibhse.