Irimia 6:16An Bíobla Naofa 1981Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’ Féach an chaibidil |
Beidh Amairiá an t‑ardsagart i gceannas agaibh ar chúraimí an Tiarna go léir, agus Zabaidiá mac Ismeáéil, reachtaire theaghlach Iúdá, i gcúraimí an rí. Beidh na Léivítigh agaibh mar scríobhaithe. Bíodh misneach agaibh agus cuirigí na treoracha sin i gcrích, agus beidh an Tiarna ansiúd leis an rath a chur oraibh.”