agus tabharfaidh mé an pobal go léir ar ais chugat mar a thiocfadh brídeog abhaile chun a fear céile. Níl tú sa tóir ach ar anam aon duine amháin, agus beidh an chuid eile den phobal faoi shíocháin.”
Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;
Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.
D'fhreagair mise: “Ó, a Thiarna Dia, ag seo na fáithe á rá leo: ‘Ní fheicfidh sibh an claíomh, ní bheidh gorta agaibh; geallaimse daoibh síocháin daingean san áit seo.’ ”
“Abair an briathar seo leo: ‘Sileann deora ó mo shúile de lá agus d'oíche, gan scor, óir is mór é an leagan a baineadh as iníon mo mhuintire, buille rónimheanta.
leis an dream a dhiúltaíonn do bhriathar an Tiarna deir siad, ‘Gheobhaidh sibh síocháin’, agus leo siúd a shiúlann de réir comhairlí a gcruachroí féin: ‘Ní thiocfaidh olc ar bith oraibh.’ ”
Taobh istigh de dhá bhliain tabharfaidh mé liom ar ais chuig an áit seo soithí uile Theampall an Tiarna a rug Nabúcadnazar rí na Bablóine leis as an áit seo agus a d'iompair sé chuig an mBablóin.
Chonaic do chuid fáithe thar do cheann físeanna folmha fealltacha; níor nocht siad duit d'urchóid, rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint; ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna ach oracail bhréagacha mhealltacha.
Óir tá mo phobal ar seachrán acu ag fogairt na síochána nuair nach bhfuil aon síocháin ann; tá brat aoil daite ar an mballa acu nuair is balla nua a thógfaidh an pobal.
leis na fáithe sin de chuid Iosrael a thairngir faoi Iarúsailéim agus a chonaic físeanna síochána nuair nach raibh aon síocháin ann - an Tiarna Dia a labhraíonn.”
De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;
Má bhíonn an fáidh meallta, mise, an Tiarna, a mheall an fáidh sin; sínfidh mé amach mo lámh ina choinne agus scriosfaidh mé é as lár mo phobail, Iosrael.
Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.
Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal.
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.
Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur meascsa; déanfaidh siadsan tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an máistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad drochíde sa mhullach orthu féin go tobann.