Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 52:8

An Bíobla Naofa 1981

Lean na saighdiúirí Caildéacha an rí agus nuair a tháinig siad suas le Zidicíá ar mhánna Ireachó, thréig a chuid saighdiúirí féin go léir é.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

agus ní rachaidh Zidicíá rí Iúdá as láimh na gCaildéach, ach go deimhin tabharfar i láimh rí na Bablóine é, agus labhróidh sé leis béal ar bhéal agus feicfidh sé é gnúis le gnúis.

Maidir le Zidicíá rí Iúdá agus a phrionsaí, tabharfaidh mé iadsan freisin i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás, agus i láimh slua rí na Bablóine atá díreach tar éis tarraingt siar uaibh.

Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.

Ansin dúirt Irimia leis an rí Zidicíá: “Céard a rinne mise i d'aghaidhse, nó in aghaidh do sheirbhíseach, nó in aghaidh an phobail seo, as ar chuir tú i bpríosún mé?

Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”

Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí