sa tríú bliain fichead de réimeas Nabúcadnazar, rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i láimh de na Giúdaigh seacht gcéad agus cúigear is daichead. Ceithre mhíle agus sé chéad, an uimhir ar fad.
Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Sa chúigiú mí, ar an seachtú lá den mhí - ba í an naoú bliain déag í de réimeas Nabúcadnazar rí na Bablóine - tháinig Nabúzaradán, captaen an gharda, oifigeach de chuid rí na Bablóine, isteach in Iarúsailéim.
Rug Nabúzaradán, ceann an gharda, leis i mbraighdeanas don Bhablóin fuíoll na ndaoine a fágadh sa chathair, agus an dream a theith chuige, mar aon leis an gcuid eile de cheardaithe na cathrach.
Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, (an chuid is boichte den phobal agus) an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Deasc fuíoll Iosrael, deasc é mar a dhéanfá le fíniúin; mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor, cuir do lámh arís sna craobhacha.”