Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 52:28

An Bíobla Naofa 1981

Mar seo leanas uimhir na ndaoine a díbríodh ag Nabúcadnazar thar tír amach: sa seachtú bliain, trí mhíle Giúdach agus triúr ar fhichid;

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht.

B'iad seo muintir an chúige a d'fhill ó dhaoirse agus ó dheoraíocht. Tar éis do Nabúcadnazar rí na Bablóine iad a dhíbirt go dtí an Bhablóin, d'fhilleadar go Iarúsailéim agus go Iúdá gach duine go dtí a bhaile féin.

Seo iad muintir an chúige a d'fhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, d'fhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin.

Tá bailte an Neigib druidte suas, gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine. Rugadh Iúdá uile ar shiúl, tógadh gach aon duine i mbraighdeanas.

san ochtú bliain déag de réimeas Nabúcadnazar, rug sé leis as Iarúsailéim ocht gcéad tríocha a dó duine;

Ag a naimhde atá an ceannas; tá a heascairde uile faoi rath; óir tá an Tiarna tar éis í a chiapadh de dheasca oll-líon a peacaí; tá a leanaí imithe ina gcimí os comhair a namhad amach.

Abair: ‘Is comhartha mise daoibh: mar a rinne mise déanfar amhlaidh leosan; rachaidh siad ar deoraíocht, i mbraighdeanas.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí