Irimia 52:24An Bíobla Naofa 1981Ghabh captaen an gharda Saráiá an t‑ardsagart, agus Zafainiá an sagart den dara grád, agus trí gharda na tairsí. Féach an chaibidil |
Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.
Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tabharfaidh mé na tréadaithe chun cúitimh. Bainfidh mé na caoirigh díobh agus ní ligfidh mé dóibh mo chaoirigh a bheathú níos mó. Ní bheathóidh na tréadaithe iad féin ach oiread as seo amach; sábhálfaidh mé mo chaoirigh óna mbéal. Ní bheidh siad mar chreach le hithe acu a thuilleadh.