Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 52:20

An Bíobla Naofa 1981

Maidir leis an dá cholún, [an t‑aon mhuir] an dá tharbh déag cré-umha faoin muir, agus na seastáin, a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontu go léir a thomhas.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Timpeall uirthi go léir faoina ciumhais bhí cnapáin; ghabhadar timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh; bhí na cnapáin ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile.

Rinne sé iad trí [ghaineamhtheilgean] i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Záratán.

Maidir leis an dá cholún, an t‑aon mhuir agus na seastáin, a rinne Solamh do Theampall an Tiarna, níorbh fhéidir a raibh de chré-umha iontusan go léir a thomhas.

Dá [bhoichte] mé, tá céad míle tallann óir curtha i leataobh agam, milliún tallann airgid, agus oiread umha agus iarainn nach féidir a thomhas, le toirt. Tá adhmad agus clocha curtha i dtaisce agam agus ní mór duit cur leo.

Rinne Solamh an oiread sin de na gréithe sin go léir nár tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha a chuaigh iontu.

Bhris na Caildéigh ina smidiríní na colúin chré-umha i dTeampall an Tiarna; na seastáin agus an mhuir chré-umha a bhí i dTeampall an Tiarna, agus thug siad an cré-umha go léir leo go dtí an Bhablóin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí