á rá: ‘Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.’ ” Deireadh anseo le briathra Irimia.
Ach tá tú tuirseach d'iomad do lucht comhairle. Seasadh siad amach anois le tú a shábháil, lucht chomhaireamh na spéartha, lucht scrúdaithe na réaltaí, an dream a fhoilsíonn in aghaidh na míosa cad tá le titim amach.
“Déarfaidh tú leo: ‘Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Ólaigí! Bígí ar meisce! Sceithigí! Titigí, agus ná héirigí níos mó, de bharr an chlaímh atáim a chur in bhur measc.’
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Leagfar go talamh ballaí leathana na Bablóine, agus loiscfear le tine a geataí arda. Is saothar in aisce mar sin saothar na gciníocha is í an tine is deireadh do thiaráil na náisiún.”
Ghlaoigh sé in ard a ghutha á rá: “Tá sí ar lár, ar lár, an Bhablóin Mhór! Rinne nead lonnaithe deamhan di, agus daingean gach spioraid mhíghlain, agus tearmann gach éin bhréin, [agus lóiste gach ainmhí neamhghlain] uafair;
Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá: “Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d'aon iarracht, gan fáil uirthi feasta.