Anois bhí scríofa i leabhar faoi leith ag Irimia an tubaiste iomlán a thiocfadh ar an mBablóin, na briathra uile atá scríofa anseo i dtaobh na Bablóine.
Ansin déarfaidh tú: ‘A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.’
Agus nuair a bheidh an litir seo léite agaibh, tugaigí do bhur n‑aire go léifear in eaglais Láoidícéa í chomh maith agus go léifidh sibhse an litir a chuirfear chugaibh ó Láoidícéa.