Is é an Tiarna é ag scriosadh na Bablóine, ag sochtadh a gleo urghránna; ní miste di búirthíl a tonnta amhail uiscí móra agus fuaimneach a ngutha i bhfad.
Bagraíonn sé orthu, scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach, á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda, mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.
dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Thuír, tá mise i do choinne. Tabharfaidh mé ar mhórán ciníocha éirí i do choinne nuair a choipeann an fharraige na tonnta.
“Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;