Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 51:54

An Bíobla Naofa 1981

Éistigí le héamh ón mBablóin, agus tormán millteach ó thír na gCaildéach!

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb, agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar. Och! fána Lúichít suas atá a dtriall agus iad ag caoineadh. Ar bhealach Horonáím tá siad ag gol go coscarthach.

Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach, ceansóidh tú gleo lucht an díomais; mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill, cuirfear ceol na mborb ina thost.

Tá torann catha ar fud na tíre, léirscrios millteach.

Maraígí a daimh uile; síos leo go dtí an seamlas! Mairg dóibh, tá a lá tagtha, aimsir a gcuarta.

Ach tá a scéala siúd cloiste ag rí na Bablóine; titeann a lámha go faonlag; rug doigh greim air, pian mar a bheadh ar bhean in íona.

Corrófar an talamh le torann gabháil na Bablóine, agus cluinfear a tuireamh i measc na náisiún.”

An lá sin, a deir an Tiarna, cloisfear gáir ó Gheata na nIasc agus uallfartach ón mBaile Nua agus callán mór ó na cnoic.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí