Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 51:35

An Bíobla Naofa 1981

“Go gcúitítear leis an mBablóin an foréigean a rinne sí ormsa agus gach ar fhulaing mé!” a deir muintir Shíón. “Agus mo fhuil ar mhuintir Chaldéa!” a deir Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Sáraí le hAbrám: “An éagóir atá á déanamh orm go bhfille sí ort féin! Thugas m'ionailt duit i d'ucht, ach anois ó tá a fhios aici go bhfuil sí ag iompar níl meas dá laghad aici orm. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh idir mé agus tú.”

gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”

Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón: foilsígí a éachtaí do na náisiúin;

Beidh Caildéa ina creach; gach aon a chreachfaidh í beidh sé sách.

“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

“Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn.

An mhailís go léir a rinne siad, go gcuirtear ar do shúile duit í; caith leo mar a chaith tú liomsa de dheasca mo chionta uile; óir, is iomaí osna atá á ligean agam agus tá mo chroí go tréithlag fann.”

Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáin agus beidh díothú na n‑ainmhithe ina ábhar scéine duit, mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d'imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti.

ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad.

óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.

Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.

Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”

A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”

Díolaigí an comhar léi; cúitígí a hoibreacha faoi dhó léi. An cupán a mheasc sí [do dhaoine eile], meascaigí dise é le dúbailt tomhais.

Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”

Ach mura ndearna sibh, go dtaga tine as Aibímeilic amach, agus go n‑ídí sí muintir Sheicim agus Bhéit Mileo; agus go dtaga tine as ceannairí Sheicim agus Bhéit Mileo agus go n‑ídí sí Aibímeilic.”

Is mar sin a bhí d'fhonn go ndéanfaí an choir a rinneadh in aghaidh Iarubál agus a sheachtó mac a agairt, agus go bhfillfeadh a bhfuil sa mhullach ar a mbráthair Aibímeilic a chuir chun báis iad, agus ar cheannairí Sheicim a chabhraigh leis a bhráithre a mharú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí