“D'ith sé mise, d'alp sé mé, rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar]; rinne sé soitheach folamh díom, shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan, líon sé a bholg de mo shólaistí.”
Beidh sí ina gnáthóg ag an mbonnán buí agus ag an ngráinneog; beidh cónaí ann ag an scréachóg agus ag an bhfiach dubh; sínfidh an Tiarna dorú an éagrutha léi, agus leibhéal na foilmhe.
Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”
Cibé duine a tháinig orthu, d'ith sé iad; dúirt a naimhde: ‘Ní tógtha orainn é; mar gur pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna a gcró caorach fíor agus dóchas a n‑aithreacha.’
“Smachtóidh mise Béil sa Bhablóin agus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé. Ní bheidh na náisiúin a thuilleadh ag teacht chuige ina scuaine. Tá balla na Bablóine ar lár.
Ní mór don Bhablóin titim ar a seal, mar gheall orthu siúd a maraíodh in Iosrael, mar is tríd an mBablóin a thit an oiread sin marbh ar dhroim na talún.
Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine, maireann sí léi féin ar an uaigneas; is cosúil le baintreach anois í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún; banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í ach is daorstát í faoi láthair.
Osclaíonn do naimhde uile a gcraos chun tú a shlogadh; déanann siad faireach agus díoscán fiacal; “Tá sí slogtha siar againn,” deir siad, “is é seo an lá a rabhamar ag súil leis; tá sé buailte linn anois go soiléir.”
tairngir uime sin agus abair: Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí gur bánaíodh, sea, agus gur scriosadh sibh ó gach taobh ionas go ndeachaigh na ciníocha eile i seilbh oraibh agus gur thosaigh cúlchaint agus scéalta mailíseacha ag dul thart i measc an phobail fúibh;
Tá millteoir ag teacht i do choinne, Cuir an dún faoi chosaint; déan faire ghéar ar an mbóthar; cóirigh thú féin chun catha; cruinnigh do neart go léir.
“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.