Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 51:20

An Bíobla Naofa 1981

“Ba thú mo thua catha, mo arm cogaidh. Is leatsa a threascair mé na náisiúin, a leag mé na ríochtaí.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

An ceadmhach don tua bheith ag déanamh gaisce i gcoinne fear a oibrithe? Nó don toireasc mórtas a dhéanamh in éadan fear a láimhsithe? Ionann is dá mbeadh an tslat ag bogadh an té a ardaíonn í, agus an bata ag cur anam sa té nach adhmad é.

Is mairg don Asaír, don tslait sin mo chorraí, an bata atá á bheartú agam le barr feirge!

Tá siad ag teacht ó thír i gcéin, ó chianchríocha na spéire, an Tiarna agus feidhmeannaigh a fheirge, chun an talamh ar fad a chreachadh.

An ea nár chuala tú? Fadó riamh a bhí sin leagtha amach agam; sna laethe anallód a bheartaigh mé é, anois tá sé á chur i gcrích agam. Ba é ba chinniúint duitse dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.

Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna lena ungthach, Cíoras, an té ar rug sé ar láimh dheis air chun na ciníocha a leagan ina fhianaise agus claíomhchrios na ríthe a scaoileadh ó chéile; chun na comhlaí a bhriseadh roimhe isteach ionas nach mbeidh na doirse dúnta níos mó.

Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh; éistigí, a chiníocha i gcéin, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh, ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh.

Scriosfar an tír ar fad agus beidh sí ina fásach, fad a fhanfaidh siad ina sclábhaithe i measc na gciníocha go ceann seachtó bliain.

cuirfidh mé fios anois ar chlann uile an tuaiscirt (an Tiarna a labhraíonn - ag tagairt do Nabúcadnazar rí na Bablóine, mo sheirbhíseach) agus tabharfaidh mé anuas ar an tír seo iad agus ar a háitritheoirí (agus ar na ciníocha seo uile máguaird); scriosfaidh mé iad agus déanfaidh mé uafás díobh, agus scige agus náire shíoraí.

Céard seo! Cé mar a briseadh i smidiríní ord buailte sin na talún uile? Céard seo! Cé mar a d'éirigh sé don Bhablóin a bheith ina huafás i measc na náisiún?

“Lig ochón asat, a mhic an duine; lig ochón cráite agus caoineadh goirt asat ina láthair siúd.

déarfaidh an Tiarna: Tógfar uait an turban, bainfear díot an choróin; ní fhanfaidh an saol mar atá; ardófar an t‑íseal agus ísleofar an t‑ard.

Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarna agus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún; mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéile mar phunanna ar urlár buailte.

Éirigh, a iníon Shíón, agus déan an bualadh. Tabharfaidh mé adharca iarainn agus crúba cré-umha duit chun go mbascfaidh tú mórán ciníocha agus go gcoisricfidh tú a gcreach don Tiarna agus a saibhreas do Thiarna an domhain go léir.

Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte agus é ag fógairt na síochána. Céiliúir do chuid féilte, a Iúdá; comhlíon do mhóideanna. Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís mar tá sé scriosta go hiomlán.

Is uaidh a thiocfaidh an chloch chúinne agus an pionna botha, an bogha cogaidh agus gach ceannasaí.

Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí