Irimia 51:2An Bíobla Naofa 1981Seolfaidh mé lucht cáite don Bhablóin; cáithfidh siad í agus fágfaidh a dúiche folamh; óir ionsóidh siad í ó gach taobh lá an bhasctha. Féach an chaibidil |
“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.