Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 51:19

An Bíobla Naofa 1981

Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.”

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Is ar neamh atá ár nDiana; gach uile ní is áil leis, déanann sé é.

Óir roghnaigh an Tiarna Iacób, agus Iosrael ina sheilbh dó féin.

Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta; agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh.

Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia: an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.

Bíodh go gcliseann mo cholainn is mo chroí rinne carraig mo chléibh de Dhia; is é mo chuid é go síoraí suthain.

Cuimhnigh ar do chomhthionól a bhunaigh tú fadó; ar an gcine a cheannaigh tú mar oidhreacht duit féin, ar Shliabh Shíón mar a ndearna tú áras do chónaithe.

Deir ár slánaitheoir, arb é Tiarna na Slua is ainm dó Neach Naofa Iosrael:

Tá dearmad déanta agat ar an Tiarna a rinne thú, a spréigh na spéartha amach agus a chuir bun faoin talamh; agus tá crith ort i gcónaí agus gach uile lá roimh fhraoch an aintiarna agus é faoi réir le tú a scrios. Ach cá bhfuil sé, an fraoch seo an aintiarna?

Is é a rinne an talamh lena chumhacht, is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna, agus a spréigh amach na spéartha lena ghrinneas.

Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.

“An Tiarna, an té a chruthaigh an talamh, a chum agus a dhaingnigh í - an Tiarna a ainm - deir sé é seo:

Déanaigí lúcháir, más áil libh! Beirigí bhur gcaithréim, a chreachadóirí m'oidhreachta! Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach! Déanaigí seitreach ar nós staile!

Ach is láidir a slánaitheoir: Tiarna na Slua is ainm dó. Is é atá ag tagairt a gcúise; tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh, ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine.

Ach níl Iosrael (ná Iúdá) tréigthe ag a nDia, Tiarna na Slua. Tharla seo mar go raibh tír na gCaildéach lán de pheacaí in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

“Is é an Tiarna mo chuid den saol,” a deirim, “is ann mar sin a chuirim mo dhóchas.”

Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna, agus Iacób an oidhreacht a thit air.

Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí