Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 51:16

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne, agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Ach chuimhnigh Dia ar Naoi agus ar na hainmhithe go léir agus ar an eallach go léir a bhí fairis san áirc. Agus sheol Dia gaoth thar an talamh agus ceansaíodh na huiscí.

Cibé acu a [sheolann sé iad] d'fhonn ciníocha na cruinne a phionósú, Nó d'fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.

Ar ghabh tú isteach i dtaiscí an tsneachta? Nó an bhfaca tú stórais an chloch shneachta

An bhfuil neart Dé i do láimhse, An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?

Theith siad nuair a rinne tú a gcáineadh; ghabh eagla iad roimh thorann do thoirní.

Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.

Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá; agus a ghaoth a choscairt an tsneachta.

As an ngile agus na néalta a bhí uime tháinig clocha sneachta agus splancacha tine.

Tá Dia ina lár, ní féidir í a bhogadh; tiocfaidh Dia i gcabhair uirthi le fáinne an lae.

Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne, seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna Selah

Chuir sé an ghaoth anoir ó neamh chucu agus mhúscail an ghaoth aneas lena chumhacht.

Shín Maois a shlat amach os cionn talamh na hÉigipte agus sheol an Tiarna gaoth anoir thar an talamh agus shéid sí an lá sin agus an oíche sin gan stad, agus leis an láchaint thug an ghaoth anoir na lócaistí.

Ansin chuir an Tiarna casadh sa ghaoth sa tslí gur shéid sí chomh tréan sin ón iarthar gur sciob sí léi na lócaistí agus iad a bhreith léi go Muir na nGiolcach. Níor fágadh oiread agus lócaiste i dtír na hÉigipte ar fad.

Shín Maois a lámh os cionn na farraige agus thiomáin an Tiarna an fharraige ar ais le gaoth láidir anoir a shéid ar feadh na hoíche, agus rinneadh talamh tirim den fharraige. Dheighil na huiscí óna chéile,

Bhí fuaim sciatháin na gceiribiní le clos fad leis an gcúirt sheachtrach, dála ghuth Dé Uilechumhachtaigh nuair a labhraíonn sé.

“Nach ionann domsa sibhse agus clann na nAetóipeach, a chlann Iosrael,” a deir an Tiarna. “Nach mise a thug Iosrael aníos ón Éigipt, nár thug mé chomh maith céanna na Filistínigh ó Chaftór agus na hAramaeigh ó Chír?

Ach scaoil an Tiarna gaoth láidir amach thar an bhfarraige agus d'éirigh stoirm chomh mór sin gur dhóbair don long titim as a chéile.

Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí