Dúirt Dia le Naoi: “Chinn mé deireadh a chur leis an uile fheoil, óir tá an talamh lán d'fhoréigean dá mbarr. Féach, scriosfaidh mé iad agus an talamh mar aon leo.
Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: “Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.
Tabharfaidh mé ar láimh duit taiscí faoi choim atá cnuasta i gcillíní rúin, chun go dtuige tú gur mise an Tiarna, Dia Iosrael atá ag glaoch ort i d'ainm.
Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal; cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge. D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;
Gorfaidh an phatraisc uibheacha nár rug sí, is mar sin don fhear a bhain saibhreas, agus nach le ceart; ní mór dó scarúint leis i lár a laethanta, agus ina chríoch dhéanach fágfar ina amadán é.”
Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna: “Tagraímse féin do chúis le go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon. Triomóidh mé a habhainn, fágfaidh mé a foinsí tirim.
Coinníodh lenár sála sa chaoi nárbh fhéidir siúl trínár sráideanna; bhí ár ndeireadh buailte linn agus ár laethanta caite; níorbh fhada uainn ár dturnamh.
“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.
Ansin tháinig ceann de na seacht n‑aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: “Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.
Agus chaith siad luaithreach ar a gceann agus ghoil siad go hard ag caoineadh is ag olagón: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, mar ar chruinnigh lucht na loingeas go léir ar muir saibhreas de bharr a rachmais; in aon uair amháin scriosadh í.