Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 50:9

An Bíobla Naofa 1981

Féach, táimse ag déanamh comhcheangail de náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine. Tiocfaidh siad ón tír thuaidh, cuirfidh iad féin in ordú ina héadan; tógfar i láimh ansin í; tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach; ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Ach le fuil na gcréachtach agus saill na laoch. Níor chas bogha Iónátán ar ais Ná níor fhill claíomh Shóil follamh.

fear claímh gach laoch díobh ó thaithí an chogaidh; a chlaíomh ar a shliasaid i gcoinne bhaol na hoíche.

- is scáfar an fhís a fuair mé - tá fear na creiche i mbun creiche, tá an sladaí ag slad. “Suas leat, a Éalám, suas chun an léigir libh, a Mhéideacha! Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”

Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé, ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm. Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu, mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.

Tabharfaidh mé i ndaoirse thú do do naimhde i dtír nach feasach duit, óir d'fhadaigh m'fhearg tine a loscfaidh thú go hiomlán,”

An rud a thairngir Irimia in aghaidh na gciníocha uile. (“Óir cuirfear iad seo i ndaoirse; mar an gcéanna do chiníocha cumhachtacha agus do ríthe móra, agus cúiteoidh mise leo de réir a ngníomhartha agus de réir oibreacha a lámh féin.”)

ríthe uile an tuaiscirt i bhfogas agus i gcéin, ceann ar cheann; agus na ríochtaí uile atá ar chlár na talún. (Maidir le rí Shéiseac, ólfaidh seisean ar deireadh.)

Cuirigí sibh féin in eagar in aghaidh na Bablóine, tagaigí timpeall uirthi, sibhse uile a shíneann an bogha. Caithigí! Ná coigligí saigheada.

Éirígí suas in aghaidh thír Mharataím, téigí ina héadan agus in éadan áitritheoirí Phacód; lorgaigí iad; beartaígí an claíomh; milltear iad go hiomlán - an Tiarna a labhraíonn. Déan an uile ní dár ordaigh mé duit.

Ionsaígí í, an t‑iomlán agaibh le chéile; brisigí agus osclaigí a hiothlanna, cruinnígí an chreach mar charnáin arbhair. Cuirigí faoin mbang í. Ná fágtar aon ní di.

“Gairigí i gceann a chéile na boghdóirí in aghaidh na Bablóine! Sibhse uile a shíneann an bogha suígí timpeall uirthi; ná bíodh aon dul as aici. Cúitígí léi de réir a saothair; déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí; cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna, in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart, a dhéanfaidh a tír ina fásach; ní bheidh cónaí ag duine ann feasta; thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe.

Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! “Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí