Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh! Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala; craolaigí é go críocha na talún. Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!
Dúisigh, dúisigh suas! Cuir umat do neart, a Shíón! Cuir ort an chuid is galánta de d'éadach, a Iarúsailéim, a chathair bheannaithe. Óir ní thiocfaidh isteach chugat níos mó duine gan timpeallghearradh ná duine neamhghlan.
“Amach libh! Amach! Amach as an mBablóin, ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan! Amach libh as lár na háite sin! Glanaigí sibh féin, a lucht iompair shoithigh an Tiarna!
Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.
Dúirt sé leis an gcomhthionól: “Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.”
Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.