Cibé duine a tháinig orthu, d'ith sé iad; dúirt a naimhde: ‘Ní tógtha orainn é; mar gur pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna a gcró caorach fíor agus dóchas a n‑aithreacha.’
Bhí colg orm chuig mo mhuintir, agus d'fhág mé smál ar m'oidhreacht. Lig mé isteach i do lámhasa iad, ach ní dhearna tú trua dá laghad díobh. Ar an seanduine bhuail tú anuas do chuing go róthrom.
Doirt amach do dhíbheirg ar na náisiúin nach dtugann aithne duit, agus ar na ciníocha nach ngaireann ar d'ainm, óir d'ith siad Iacób agus shlog siad é, agus rinne siad a áitreabh uaigneach.
Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael, a shlánaitheoir in am an anó, cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo, mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche?
Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael! Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa, na daoine a iompaíonn uaitse sracfar ó fhréamh iad as an tír, de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.
Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair; Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as; tháinig an anachain orthu, is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”
Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Bainfidh siad leas athuair as na briathra seo i dtír Iúdá agus ina bailte nuair a thabharfaidh mé ar ais iad: ‘Go mbeannaí an Tiarna thusa, a choimín an chirt, a shliabh na naofachta!’
Sábháilfear Iúdá sna laethanta sin agus mairfidh Iarúsailéim i ndóchas. Agus is é seo an t‑ainm a thabharfar ar an gcathair: An Tiarna Ár bhFíréantacht.’
Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán, slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha, slogfaidh do thréada agus do shealbháin, d'fhíniúna agus do chrainn figí, scriosfaidh siad do bhailte daingne ina bhfuil do dhóchas.
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Tá clann mhac Iosrael faoi leatrom, na daoine uile a ghabh i láimh iad, coinnníonn siad go daingean iad, ní ligeann dóibh imeacht.
Agus beidh fhios agat gur chuala mise, an Tiarna, an uile mhasla dar thug tú in aghaidh shléibhte Iosrael, a leithéid seo: ‘Bánaíodh iad, fágtar againne iad lena gcreachadh.’
ach tá fearg an-mhór ar fad orm leis na náisiúin dhíomasacha; mar cé nach raibh ach fearg bheag orm, chuaigh siadsan thar fóir leis an olc a rinne siad.
Óir, maraíonn a gceannaitheoirí iad agus ní aithníonn siad go bhfuil siad ciontach; agus deir a ndíoltóirí: “Céad moladh leis an Tiarna, mar táimse tar éis éirí saibhir.” Is amhlaidh nach bhfuil aon trua ag a n‑aoirí dóibh.