Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Irimia 50:5

An Bíobla Naofa 1981

Iarrfaidh siad an tslí go Síón; beidh a n‑aighthe sa treo sin: ‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarna i gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Daingneoidh mé mo Chonradh idir mé agus tú, agus do shliocht i do dhiaidh, glúin ar ghlúin; beidh sé mar Chonradh síoraí mise a bheith i mo Dhia agatsa agus ag do shliocht i do dhiaidh.

Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d'fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?

D'fhreagair sé: “Táim lán de dhíograis agus de dhúthracht do Thiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú] gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”

D'fhreagair sé: “Tá mé lán de dhúthracht gan staonadh ar son Tiarna na Slua, mar gur thréig clann Iosrael [thú], gur leagadar d'altóirí, agus gur chuireadar d'fháithe chun báis. Níl fágtha ach mise agus tá siad ar thóir m'anama, ar tí mo mharaithe.”

Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin, feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é; líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.

Beidh bealach mór agus bóthar ansin a dtabharfar mar ainm air an Bealach Beannaithe; ní shiúlfaidh an neamhghlan an treo sin, ná ní bheidh lucht baoise ag fánaíocht ar a fhad.

Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.

Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.

Cuir suas duit féin comharthaí bóthair, ardaigh clocha críche; tabhair suntas maith don tslí, an tslí ar imigh tú. Tar abhaile, a mhaighdean Iosrael, tar abhaile go dtí na bailte seo is leatsa.

Sea, tiocfaidh an lá a bhfógróidh an lucht faire ar shléibhte Eafráim: ‘Éirígí! téimis suas go Síón, chun an Tiarna, ár nDia féin.’

Déanfaidh mé conradh síoraí leo; ní éireoidh mé as déanamh maitheasa dóibh, agus cuirfidh mé m'urraim ina gcroí, ionas nach ndealóidh siad arís uaim.

Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’

Cuimhneoidh tú ansin ar do ghníomhartha agus beidh náire ort nuair a ghlacfaidh mé do dheirfiúracha, an sinsear agus an t‑óg, lena mbronnadh ort mar iníonacha, cé nach den chonradh leat é seo.

Déanfaidh mé aon chine amháin astu sa tír ar shléibhte Iosrael, agus aon rí amháin a bheidh ina rí orthu uile. Ní bheidh dhá chine iontu a thuilleadh ná ní bheidh siad deighilte ina dhá ríocht.

Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).

“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.

Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt.

Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.

Agus, rud nach raibh aon súil againn leis, thug siad suas iad féin ar dtús don Tiarna agus dúinne ina dhiaidh sin de dheonú Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí