Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb, agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar. Och! fána Lúichít suas atá a dtriall agus iad ag caoineadh. Ar bhealach Horonáím tá siad ag gol go coscarthach.
Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é, agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann. Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.
Ach is é an Tiarna an Dia fíor, an Dia bithbheo. Is é an Rí síoraí é. Creathnaíonn an talamh nuair atá sé i bhfeirg, ní fhéadann na ciníocha a fhraoch a fhulaingt.
Chuala na náisiúin faoi do náire, líonann an caoineadh duit an talamh; óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh, agus thit siad araon in éineacht.”
“Féach, cé mar a thagann an leon aníos as mothar na Iordáine chuig an féarach marthanach! Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad, agus cuirfidh mé ann mo rogha duine. Óir cé is cosúil liom? Cé a fhéadann mise a chiontú? Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.
Tá an talamh á shuaitheadh agus é ar crith, mar bhí tionscnamh an Tiarna in aghaidh na Bablóine á chur i gcrích: a dhéanamh tír na Bablóine ina fásach gan daonra.
Chuir mé na ciníocha ar crith le callán a thitime nuair a theilg mé síos é go Seól ina gcuideachta siúd a théann síos sa pholl. Sa réigiún thíos ghlac crainn uile Éidin sólás, crainn uaisle áille uile na Liobáine a chothaítí lé huisce.
Cuirfidh mé scéin ar a lán daoine mar gheall ort, agus uafás ar ríthe i do thaobh nuair a nochtfaidh mé mo chlaíomh os a gcomhair. Creathnóidh siad gan stad lá do thurnaimh agus eagla an bháis ar an uile dhuine acu.