má dhéanann an pobal ar a nglaoitear m'ainm iad féin a umhlú agus guí chugam agus mo ghnúis a lorg, agus casadh óna gcosáin choiriúla, tabharfaidh mé cluas dóibh ó neamh, agus maithfidh mé a bpeaca agus cneasóidh mé a dtír.
Sea, glacfaidh an Tiarna trua do Iacób agus toghfáidh sé Iosrael arís agus bunóidh sé iad ina dtír féin. Tiocfaidh an coimhthíoch a cheangal leo agus cloífidh sé le teaghlach Iacóib.
Níor labhair mé i modh rúin ná áit éigin i gcríoch dhorcha. Níor dhúirt mé le sliocht Iacóib: Cuardaígí mé san éagruth. Mise, an Tiarna, labhraím ceart agus cuirim mé féin in iúl le cruinneas focal.
Chuaigh Ísmeáéil mac Natainiá amach as Miozpá ina n‑araicis ag gol dóibh ag teacht. Nuair a casadh orthu é dúirt sé leo: “Tagaigí go Gadailiá mac Aichíceám.”
Cuimhneoidh tú ansin ar do ghníomhartha agus beidh náire ort nuair a ghlacfaidh mé do dheirfiúracha, an sinsear agus an t‑óg, lena mbronnadh ort mar iníonacha, cé nach den chonradh leat é seo.
“Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé anois chun Iacób a thabhairt ar ais ó bhraighdeanas agus chun trócaire a dhéanamh ar mhuintir Iosrael uile agus beidh éad orm faoi m'ainm naofa.
Gluaisfidh siad i ndiaidh an Tiarna. Búirfidh seisean mar leon, agus nuair a bhúirfidh, rithfidh a chlann mhac chuige ón iarthar agus a gcroí ag preabadh.
Ach ina dhiaidh sin lorgfaidh clann Iosrael an Tiarna, a nDia, (agus Dáiví, a rí,) agus brostóidh siad agus a gcroí ag preabadh chun an Tiarna agus a mhaitheasaí (sna laethanta deiridh).
“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.